Nuacht agus Fógraí

Cúrsaí nua iarchéime ag an Acadamh

MA Léann Teanga

Tá dhá chúrsa iarchéime nua fógartha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a mbeidh spéis ag muintir an cheantair iontu. Beidh an MA sa Léann Teanga ar siúl ar Phríomhchampas na hOllscoile i nGaillimh ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn, agus MA sa gCumarsáid ar an gCeathrú Rua.…[tuilleadh]

An Bóthar Nua

An Bóthar Nua

De réir tuairisce a bhí ar Raidió na Gaeltachta le gairid, tá na cúrsaí is deireanaí atá molta ag an gComhairle Contae don bhóthar nua ó Bhearna go Scríb le cur faoi bhráid an phobail go luath. Tá tuairimíocht láidir sa gceantar gurb é an cúrsa is faide ó dheas - an cúrsa corcra - atá ar intinn ag an gComhairle Contae.…[tuilleadh]

Spidéalach ina Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás

Steve Ó Cúláin

D'fhógair Bord Údarás na Gaeltachta ag an gcruinniú a bhí acu Dé hAoine 20 Aibreán gurb é Steve Ó Cúláin as Both Chuanna sa Spidéal Príomhfheidhmeannach nua Údarás na Gaeltachta.…[tuilleadh]

Leabharlann Athchóirithe sa Spidéal

An Leabharlann Athchóirithe

Tá luach €40,000 d'obair feabhsúcháin críochnaithe le scaitheamh beag anuas ar Leabharlann an Spidéil. Tá feabhas mór curtha ar na háiseanna ann agus é ina ionad compordach, teolaí anois.…[tuilleadh]

Suirbhé ar sheirbhísí bus

Bus Éireann

Tá suirbhé á dheánamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo (GMIT) ar an éileamh atá ar bhusanna breise idir an Spidéal agus Gaillimh. Faoi láthair, níl aon bhus as Gaillimh go dtí an Spidéal tar éis 6.00pm tráthnóna, ná ón Spidéal soir i dtreo an bhaile mhóir tar éis 5.00pm.…[tuilleadh]

Bancanna buidéal – suíomh feiliúnach ag teastáil

Bancanna buidéal

Tá na bancanna buidéal curtha ar ais ar an seansuíomh gar don tSeanchéibh go sealadach. Tá Coiste na mBailte Slachtmhara sa Spidéal ag lorg suíomh eile mar go meastar nach suíomh feiliúnach é an suíomh sin atá taobh thiar den tSeanchéibh agus os comhair Thrá an Tobair.…[tuilleadh]

Torthaí Lotto an Spidéil 14.05.2012

Lotto

11, 14, 21 agus 27 na huimhreacha a tarraingíodh. Níor bhuaigh aon duine an Pota Óir. Ticéad amháin a raibh trí uimhir aige, agus ghnóthaigh sí €100: Mary Curran, Baile Átha an Rí.…[tuilleadh]

Bailte slachtmhara – cúnamh ag teastáil

Baile slachtmhar

Tá Coiste na mBailte Slachtmhara sa Spidéal tar éis tús a chur leis an obair rialta ar ghlanadh agus maisiú na háite. Tagann siad ag teacht le chéile ag an Leabharlann chuile thráthnóna Dé Luain agus leantar den obair ó 18.00 go 20.00. Leanfar den obair as seo go deireadh an tsamhraidh..…[tuilleadh]

Taispeántas Chois Fharraige

Táthar ag lorg cúnamh do reáchtáil Thaispeántas Chois Fharraige i mbliana. Más spéis le haon duine a bheith páirteach, beidh cruinniú in oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil Dé Céadaoin 16 Bealtaine ag 9.00pm.…[tuilleadh]

Cruinniú Eolais don Phobal

11 Meitheamh 2010 014

Beidh Cruinniú Eolais don Phobal ag Comhlacht Forbartha an Spidéil ag 9.00pm tráthnóna Dé Luain 21 Bealtaine i Halla Scoil Éinne. Tabharfar eolas faoi obair na heagraíochta le bliain anuas agus a bhfuil beartaithe don bhliain seo romhainn. …[tuilleadh]

Leagan Cainte na Seachtaine
“Tá cloch sa muinchille aici dó”

Cur síos atá sa leagan cainte seo ar an gcaoi a mbíonn duine, a bhfuil éagóir déanta ag an dara duine air, ag faire ar a sheans le díoltas a bhaint amach ar an dara duine sin. Samhlaítear cloch a bheith sa muinchille aige agus é réidh leis an gcloch sin a theilgean air agus dochar a dhéanamh dó.

An Spidéal - Leathanach Baile

An Spidéal – má tá eolas ag teastáil uait faoin áit, níl áit is fearr le teacht air ná an suíomh seo – do chéad fáilte isteach!

Tugtar eolas ginearálta anseo faoin Spidéal agus cur síos ar imeachtaí atá ar siúl sa gceantar. Má cheapann tú gur cheart aon cheo a chur leis an suíomh seo nach bhfuil air faoi láthair, ná bíodh drogall ort é sin a chur in iúl dúinn – beidh an-fháilte roimh do chuid moltaí!

Agus má theastaíonn uait fógra nó mír nuachta a bhfuil baint aige leis an gceantar a chur ar an suíomh seo, déan teagmháil linn – cuirfidh muidne ar an suíomh é ar do shon nó déanfaidh muid socrú go mbeidh tú féin in ann an t-ábhar a chur ar an suíomh.

Íomhánna den Spidéal
Get Adobe Flash player