
Beidh Cruinniú Eolais don Phobal ag Comhlacht Forbartha an Spidéil ag 9.00pm tráthnóna Dé Luain 21 Bealtaine i Halla Scoil Éinne. Tabharfar eolas faoi obair na heagraíochta le bliain anuas agus a bhfuil beartaithe don bhliain seo romhainn.

Beidh Cruinniú Eolais don Phobal ag Comhlacht Forbartha an Spidéil ag 9.00pm tráthnóna Dé Luain 21 Bealtaine i Halla Scoil Éinne. Tabharfar eolas faoi obair na heagraíochta le bliain anuas agus a bhfuil beartaithe don bhliain seo romhainn.
Táthar ag lorg cúnamh do reáchtáil Thaispeántas Chois Fharraige i mbliana. Más spéis le haon duine a bheith páirteach, beidh cruinniú in oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil Dé Céadaoin 16 Bealtaine ag 9.00pm.

Tá Coiste na mBailte Slachtmhara sa Spidéal tar éis tús a chur leis an obair rialta ar ghlanadh agus maisiú na háite. Tagann siad ag teacht le chéile ag an Leabharlann chuile thráthnóna Dé Luain agus leantar den obair ó 18.00 go 20.00. Leanfar den obair as seo go deireadh an tsamhraidh..

Beidh Lá Spóirt na gCluichí Pobail do cheantar Chois Fharraige ar bun ar Pháirc an Athar Colm Mac Suibhne, Coláiste Chonnacht Dé Domhnaigh 29 Aibreán. Cuirfear tús leis na himeachtaí ag 12.00 meán lae.

Tá na bancanna buidéal curtha ar ais ar an seansuíomh gar don tSeanchéibh go sealadach. Tá Coiste na mBailte Slachtmhara sa Spidéal ag lorg suíomh eile mar go meastar nach suíomh feiliúnach é an suíomh sin atá taobh thiar den tSeanchéibh agus os comhair Thrá an Tobair.

Tá suirbhé á dheánamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo (GMIT) ar an éileamh atá ar bhusanna breise idir an Spidéal agus Gaillimh. Faoi láthair, níl aon bhus as Gaillimh go dtí an Spidéal tar éis 6.00pm tráthnóna, ná ón Spidéal soir i dtreo an bhaile mhóir tar éis 5.00pm.

Tá luach €40,000 d’obair feabhsúcháin críochnaithe le scaitheamh beag anuas ar Leabharlann an Spidéil. Tá feabhas mór curtha ar na háiseanna ann agus é ina ionad compordach, teolaí anois.

D’fhógair Bord Údarás na Gaeltachta ag an gcruinniú a bhí acu Dé hAoine 20 Aibreán gurb é Steve Ó Cúláin as Both Chuanna sa Spidéal Príomhfheidhmeannach nua Údarás na Gaeltachta.

De réir tuairisce a bhí ar Raidió na Gaeltachta le gairid, tá na cúrsaí is deireanaí atá molta ag an gComhairle Contae don bhóthar nua ó Bhearna go Scríb le cur faoi bhráid an phobail go luath. Tá tuairimíocht láidir sa gceantar gurb é an cúrsa is faide ó dheas – an cúrsa corcra – atá ar intinn ag an gComhairle Contae.

Tá dhá chúrsa iarchéime nua fógartha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a mbeidh spéis ag muintir an cheantair iontu. Beidh an MA sa Léann Teanga ar siúl ar Phríomhchampas na hOllscoile i nGaillimh ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn, agus MA sa gCumarsáid ar an gCeathrú Rua.





