Ceantar an Spidéil

Sráidbhaile cois trá é An Spidéal, ar chósta thuaidh Chuan na Gaillimhe. Tá sé suite tuairim is aon mhíle dhéag (18km) taobh thiar de Chathair na Gaillimhe ar an R336, ar an mbealach go deisceart Chonamara. Is é sráidbhaile an Spidéil an príomh-ionad seirbhísí sa gceantar ó Chathair na Gaillimhe siar go Ros a’ Mhíl.

Tá daonra circa 250 sa tsráidbhaile féin, agus timpeall 2,000 sa gceantar máguaird.

Seirbhísí

Tá neart tithe tábhairne, bialanna agus siopaí beaga sa Spidéal. Ar an taobh thoir den tsráidbhaile, tá An Cheardlann, ionad ceardaíochta agus mion-díolaíochta.

Caitheamh aimsire agus scíth

Tá dhá trá álainn i gCeantar an Spidéil, agus neart siúlóidí cois cladaigh. Tá radharcanna áille ann freisin, amach ar Chuan na Gaillimhe, ar Oileáin Árann agus ar chnoic Chontae an Chláir agus na Boirne. Ná dearmad ach oiread go bhfuil an Spidéal lonnaithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Tá dhá chéibh bhreátha sa Spidéal do lucht iascaireachta agus báid pléisiúr.

Tionscail

Tá dhá eastáit tionsclaíochta de chuid Údarás na Gaeltachta sa gceantar.
Tá tionscail na meán – an teilifís agus an scannánaíocht – go láidir anseo freisin: i mBaile Ard, ar an taobh ó thuaidh den tsráidbhaile a dhéantar Ros na Rún, an sobal-dráma cáiliúil a chraoltar ar ThG4.

Cill Éinde

I gceartlár shráidbhaile an Spidéil tá Cill Éinde, an séipéal áitiúil Caitleacach a tógadh sa mbliain 1907. Sampla an-bhreá den ailtireacht Rómhánach-Ceilteach í an chill. Ar a chúl seo tá sean-mhainistir, a tógadh sa 15ú aois, agus séipéilín beag a tógadh sa mbliain 1776.

Oideachas

Tá bunscoil, Scoil Éinne, agus meánscoil, Coláiste Chroí Mhuire, lonnaithe ar an tsráidbhaile.

Tá traidisiún láidir d’oideachas agus de bhuanú chultúr na Gaeilge sa Spidéal le fada an lá. Tá Coláiste Chonnacht (ceann de na céad Choláistí Gaeilge) sa Spidéal ó 1910, agus cúrsaí Gaeilge á rith ann do dhaoine óga is do dhaoine fásta ann ó shin i leith. Tá Coláiste Chonnacht suite timpeall trí ceathrú míle (1km) ar an taobh thoir den tsráidbhaile, áit a bhfuil páirceanna imeartha agus ionad spóirt is caitheamh aimsire Chumann Lúthchleas Gael an Spidéil.

I gColáiste Chonnacht atá an t-ionad cúram leanaí, An Bogha Ceatha, lonnaithe.