Turasóireacht

Eolas maidir le turasóireacht

Tá ionad eolais do thurasóirí agus do chuairteoirí lonnaithe in oifigí Chomhlacht Forbartha an Spidéil, ar shráidbhaile an Spidéil.

Tá an t-ionad seo cláraithe le Fáilte Éireann.

Turasóireacht chultúrtha

Cnoc Suain

Cnoc a’ Locha,
An Spidéal,
Contae na Gaillimhe.

Muintir a’ tí: Dearbhaill Standún ⁊ Charlie Troy.

Guthán: 091 555 703.
Ríomhphost: info@nullcnocsuain.com.
www: www.cnocsuain.com.

Clochán (baile cnoic) athchóirithe ar 200 acra de thalamh thuaithe.

  • Lóistín (tithe beaga ar cíos; féin-fhreastal).
  • Cláir lae: an cultúr Gaelach agus oícheanta airneáin.
  • Cláir chónaithe: Gaeilge, ceol, an timpeallacht nádúrtha.