Tháinig Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta ar an bhfód ag deireadh na bliana 2007 agus é bunaithe de réir bunreachta agus é cláraithe mar chuideachta theoranta gan scaireanna. Tá an Comhlacht Forbartha in ann a bheith níos gníomhaí anois ó thaobh a chuid aidhmeanna sa bhforbairt pobail a bhaint amach; tugtar cuntas i mír 3 thíos ar iarrachtaí an choiste reatha agus na forbairtí suntasacha atá bainte amach faoinár scáth le cúpla bliain.
Tá Aodán Mac Donncha, Doire Locháin Thoir, fostaithe ag an gComhlacht mar Oifigeach Forbartha lánaimseartha agus é ag feidhmiú mar Rúnaí an Chomhlachta Forbartha freisin. Tá Sarah Anne Nic Dhonncha fostaithe mar chúntóir riaracháin páirtaimseartha faoi Scéim Fostaíochta Pobail le tamall freisin.
Cruinniú uair sa mí a bhíonn ag Coiste Stiúrtha an Chomhlachta Forbartha. Chomh maith leis an gCoiste Stiúrtha, tá neart fochoistí ag obair go díreach faoi scáth an Chomhlachta Forbartha. Bíonn duine amháin, ar a laghad, den Choiste Stiúrtha ar na fochoistí sin chomh maith le daoine den phobal a chuireann spéis ar leith san ábhar a bhíonn idir lámha ag an bhfochoiste a bhíonn i gceist. Feidhmíonn an tOifigeach Forbartha mar áisitheoir don obair a bhíonn idir lámha ag na fochoistí.
Tá fochoistí ar leith ag plé go gníomhach leis na hábhair seo a leanas faoi láthair:
- Pleanáil Teanga
- Athnuachan Baile
- Athfhorbairt na Leabharlainne
- Bailte Slachtmhara
- Pobal ar Aire
- Céibheanna
- Páirc Spraoi
- Logainmneacha
- Stair na Reilige






