Forbairt Pobail sa Spidéal, 1973 – 2010
Tá spiorad na forbartha pobail beo go láidir i gCeantar an Spidéil le blianta fada, agus an spiorad sin curtha in iúl ag pobal an cheantair ar bhealaí éagsúla i gcaitheamh na mblianta.Bhíodh ionadaithe ainmnithe ón gCoiste Pobail ar bhord Chomharchumann Chois Fharraige a ghlac léas ar Choláiste Chonnacht sna seachtóidí, ar Chomhchoiste Ghaeltacht Chonamara agus ar bhord an Ghaelacadaimh freisin. Bhíodh ceisteanna Choláiste Chonnacht á bplé go díreach ag an gCoiste Pobail leis an gComharchumann. An Coiste Paróiste a chuireadh isteach ar na comórtais forbartha pobail a bhíodh á reáchtáil ag Gaeltarra Éireann agus bhuaigh siad £1,500 (an tríú duais) i 1976 agus £3,000 (an dara duais) i 1978. Bhíodh comhoibriú ar bun le heagrais dheonacha eile sa gceantar, Cumann Lúthchleas Gael agus Coiste na gCurrachaí go háirid.
Cuireadh tús le Coiste Paróiste an Spidéil i dtús na seachtóidí. Coiste deonach a bhí ann agus cruinniú uair sa mí a bhíodh acu a bhíodh ar bun i dTeach na Cúirte. Bhí baill ar an gCoiste a rinne ionadaíocht thar ceann bhailte an cheantair. Bhíodh an coiste ag plé le go leor gnéithe den fhorbairt pobail; grúpscéim uisce poiblí don cheantar an tionscadal ba mhó a bhí idir lámha sna seachtóidí. Lena chois sin, phléití le feabhsúcháin eile ar an mbonneagar (e.g. feabhas ar dhrochbhóithre sna bailte, feabhas ar chéibheanna, easpa cosáin choise), déileáil le Comhairle Contae na Gaillimhe, feabhas ar áiseanna pobail sa gceantar (e.g. Coláiste Chonnacht), plé le Gaeltarra Éireann agus Údarás an Gaeltachta ina dhiaidh sin maidir le fostaíocht do dhaoine áitiúla, plé leis na Gardaí faoi líon na nGardaí sa gceantar, le BSL faoin soláthar leictreachais etc., plé le coistí agus eagraíochtaí eile sa gceantar (e.g. an Gaelacadamh).
Bhí an Coiste Paróiste an-ghníomhach maidir le mórfhorbairtí tithíochta a bhí á mbeartú ag forbróirí sa gceantar: cás ‘Luxury Homes’ a bhain cáil náisiúnta amach i 1974, agus forbairt 80 teach de chuid ‘Movie News’ i gCoill Sheanadh Gharráin i 1978. Chuir an Coiste Paróiste ina gcoinne ar mhórán cúiseanna: dlús na dtithe, truailliú, seirbhísí pobail, agus caomhnú an cheantair mar cheantar Gaeltachta – an chéad phobal in Éirinn a rinne a leithéid.
Thit an Coiste Paróiste as feidhm ag deireadh na n-ochtóidí; bhí deacrachtaí ag an gCoiste i gcónaí ó thaobh rudaí a bhaint amach ós rud é gur eagras deonach a bhí ann. Rinneadh iarracht eile coiste forbartha a chur le chéile ag tús na nóchaidí ach is i 1995 a cuireadh tús le Comhairle Pobail an Spidéil tar éis cúnamh ó Údarás na Gaeltachta agus daoine a raibh baint acu leis na coistí deonacha sa gceantar roimhe sin. Bhí an Chomhairle Phobail ann ó 1995 go 2007, agus d’éirigh léi méid áirithe a bhaint amach ar mhaithe le forbairt an cheantair.
Mar sin féin, b’fhacthas dúinn thart ar an am sin go raibh teorainn leis an méid a d’fhéadfadh an Chomhairle Pobail a bhaint amach mar choiste páirtaimseartha deonach, agus go dteastódh struchtúr nua dá mbeadh muid le forbairt shuntasach a bhaint amach. Tosaíodh, dá bhrí sin, ar phleananna chun eagraíocht phobalbhunaithe lánaimseartha a bhunú a thiocfadh i gcomharbacht ar an gComhairle Pobail. Dul chun cinn mór a bhí ann nuair a fuair an Chomhairle Pobail tacaíocht airgid ó Údarás na Gaeltachta faoi Scéim na mBainisteoirí Cúnta le hoifigeach forbartha don cheantar seo a cheapadh, agus chuaigh Aodán Mac Donnacha i mbun an chúraim sin ag tús na bliana 2006.
Tháinig Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta ar an bhfód ag deireadh na bliana 2007 agus é bunaithe de réir bunreachta agus é cláraithe mar chuideachta theoranta gan scaireanna. Tá an Comhlacht Forbartha in ann a bheith níos gníomhaí anois ó thaobh a chuid aidhmeanna sa bhforbairt pobail a bhaint amach; tugtar cuntas i mír 3 thíos ar iarrachtaí an choiste reatha agus na forbairtí suntasacha atá bainte amach faoinár scáth le cúpla bliain.



