Éigse an Spidéil 22-26 Feabhra

Éigse an Spidéil

Beidh Éigse an Spidéil ar siúl i mbliana ón 22 go dtí an 26 Feabhra. Beidh neart imeachtaí breátha a bhaineann leis na healaíona agus an ceol dúchasach á gcur ar taispeáint. Cuirfear tús leis na himeachtaí tráthnóna Dé Céadaoin ag 20.00 le Taispeántas Ealaíne Miotal de chuid Ealaíontóirí Chois Fharraige agus de chuid Pheadair Uí Chualáin i gCeardlann an Spidéil.

Is í Máire Ní Neachtain a osclós an Éigse go hoifigiúil ag 19.30 Déardaoin i gColáiste Chonnacht.

Leanfar leis na himeachtaí go Domhnach, le Comóradh Tom Pháidín Tom ag 14.30 Tigh Hughes.

Chuile eolas le fáil ar www.eigseanspideil.ie

Paráid Lá Fhéile Pádraic 2012

SONY DSC

Tá sé i gceist Paráid Lá Fhéile Pádraic a reáchtáil ar an mbaile beag arís i mbliana. Rinneadh athbheochan ar an bParáid sa Spidéal in 2010 agus d’éirigh thar cionn leis le dhá bhliain anuas.

Continue Reading »

Oíche Oscair an Spidéil

Oíche na nOscar 2012

Beidh Oíche Oscair an Spidéil ann arís i mbliana, Dé Sathairn 3 Márta ag 7.30pm in Óstán na Páirce. Is ar mhaithe le Brainwave agus Anaphylaxis na hÉireann atá an ócáid á reáchtáil.

Continue Reading »

Scéalaíocht do Ghasúir

Tá rún ag Aisteoirí an Spidéil tionscadal scéalaíochta a chur chun cinn le hiarracht a dhéanamh an scéalaíocht a spreagadh in athuair. Tá borradh faoin amhránaíocht agus damhsa sean-nóis agus bheifí ag súil le tógáil ar an múnla ceardlann a forbraíodh leis na healaíona áiride sin a athbheochan.

Continue Reading »

Drámaí nua – aisteoirí, cúntóirí á lorg

Drámaíocht

Tá Aisteoirí an Spidéil le dhá dhráma nua a chur ar stáitse an t-earrach seo i gColáiste Chonnacht. Tá aisteoirí agus daoine eile a thabharfadh cúnamh i dtaobh na ndrámaí á lorg faoi láthair.

Continue Reading »

Suíomh idirlín nua ag Scoil Éinne

Scoil Éinne

Tá suíomh idirlín nua díreach seolta ag Scoil Éinne – www.scoileinne.ie – agus eolas le fáil ann faoi nithe éagsúla a bhaineann leis an scoil.

Continue Reading »

Oíche mhór cheoil agus chraic ar mhaithe le Naíonra Chonnacht

Beidh oíche mhór cheoil agus chraic ar mhaithe le Naíonra Chonnacht ar siúl oíche Dé hAoine 24 Feabhra in Óstán na Páirce.

Continue Reading »

Seirbhís Bus go Gaillimh

Bus Éireann

Ní bhíonn aon bhus tráthnóna soir go Gaillimh ón 5.00pm ná as Gaillimh anoir ó 6.00pm. Tá seirbhís tráthnónna ag teastáil; tá an líon seirbhísí ar maidin réasúnta ach tá an tinreamh ar an busanna ag dul i laghad.

Continue Reading »

Daoine Aosta

Tá an Comhlacht Forbartha an Spidéil agus Comharchumann Shailearna Teo. le Coiste Pobal ar Aire a bhunú sa gceantar idir Droichead an Spidéil agus Droichead an Chnoic (Siopa an Phobail). Caithfear an beart seo a dhéanamh láithreach tar éis briseadh isteach agus gadaíocht i dtithe sa gceantar le mí nó dhó anuas.

Continue Reading »

Bithéagsúlacht

Baile slachtmhar

Tá Coiste Bailte Slachtmhara an Spidéil ag iarraidh pointí breise a aimsiú i gComórtas na mBailte Slachtmhara. Tá an coiste le cúrsa traenála ar an mbithéagsúlacht (daoine agus dúlra) a chur ar siúl má fhaigheann muid deontas ón gComhairle Oidhreachta.

Continue Reading »

Get Adobe Flash playerPlugin by wpburn.com wordpress themes