Tá dhá chúrsa iarchéime nua fógartha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a mbeidh spéis ag muintir an cheantair iontu. Beidh an MA sa Léann Teanga ar siúl ar Phríomhchampas na hOllscoile i nGaillimh ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn, agus MA sa gCumarsáid ar an gCeathrú Rua.
Continue Reading »
Beidh ceolchoirm bhliantúil Choláiste Chroí Mhuire ar siúl i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin 8 Márta 2012. Beidh réimse iontach tallainne le feicéail ó dhaltaí na scoile idir agallaimh beirte, sceitseanna, ceol tradisiúnta agus ceol rac.
Continue Reading »
Tá an chumann ag glacadh le foirmeacha ballraíochta faoi láthair. €30 ar chailíni faoi 18 agus €50 ar mhná ós cionn 18. Traenáil faoi dhíon ar siúl faoi láthair í Halla Scoil Shailearna chuile Shatharn (25/2/2012). 2.30in go 3.30in F8, F9, F10. 3.30in go 4.30in F11, F12. 4.30in go 5.30in F13, F14. Beidh tosaitheoirí F6,…
Continue Reading »
Beidh Éigse an Spidéil ar siúl i mbliana ón 22 go dtí an 26 Feabhra. Beidh neart imeachtaí breátha a bhaineann leis na healaíona agus an ceol dúchasach á gcur ar taispeáint.
Continue Reading »
Tá sé i gceist Paráid Lá Fhéile Pádraic a reáchtáil ar an mbaile beag arís i mbliana. Rinneadh athbheochan ar an bParáid sa Spidéal in 2010 agus d’éirigh thar cionn leis le dhá bhliain anuas.
Continue Reading »
Beidh Oíche Oscair an Spidéil ann arís i mbliana, Dé Sathairn 3 Márta ag 7.30pm in Óstán na Páirce. Is ar mhaithe le Brainwave agus Anaphylaxis na hÉireann atá an ócáid á reáchtáil.
Continue Reading »
Tá rún ag Aisteoirí an Spidéil tionscadal scéalaíochta a chur chun cinn le hiarracht a dhéanamh an scéalaíocht a spreagadh in athuair. Tá borradh faoin amhránaíocht agus damhsa sean-nóis agus bheifí ag súil le tógáil ar an múnla ceardlann a forbraíodh leis na healaíona áiride sin a athbheochan.
Continue Reading »
Tá Aisteoirí an Spidéil le dhá dhráma nua a chur ar stáitse an t-earrach seo i gColáiste Chonnacht. Tá aisteoirí agus daoine eile a thabharfadh cúnamh i dtaobh na ndrámaí á lorg faoi láthair.
Continue Reading »
Tá suíomh idirlín nua díreach seolta ag Scoil Éinne – www.scoileinne.ie – agus eolas le fáil ann faoi nithe éagsúla a bhaineann leis an scoil.
Continue Reading »
Beidh oíche mhór cheoil agus chraic ar mhaithe le Naíonra Chonnacht ar siúl oíche Dé hAoine 24 Feabhra in Óstán na Páirce.
Continue Reading »