Nuacht / Obair Reatha
Páirc spraoi
Tá iarrachtaí leanúnacha ar bun againn Páirc Spraoi a fhorbairt do ghasúir an cheantair. Tá muid á phlé seo le dreamanna a bhfuil talamh poiblí ina seilbh, agus muid ag iarraidh suíomh feiliúnach a aimsiú. Tá airgead geallta dúinn ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta lena aghaidh seo, agus beidh airgead ón bpobal le bailiú freisin.
Tá cruóg leis an obair seo anois – mura n-aimseoidh muid suíomh feiliúnach go luath, tá an baol ann go gcaillfidh muid an t-airgead atá curtha i leataobh ag MFG don obair seo. Beidh cruinniú poiblí ann i rith an tsamhraidh leis an gceist seo a phlé.
Cosán Bhaile Ard
Tá sprioc ag an gComhlacht Forbartha ó 1999 i leith cosán, soilse poiblí agus claí nua a chur ar an mbóthar idir an tIonad Leighis agus eastát tithe Radharc na Rún. Costas measta suas le €190,000 atá i gceist leis an obair. Is baill den Chomhlacht Forbartha a fuair an talamh ó na húinéirí talún agus an Chomhairle Contae a chur an plean le chéile. Tá na húinéirí talún i mBaile Ard le moladh as an gcomhoibriú a léirigh siad ina thaobh seo.
Tá iarratas ina bhfuil 7 dtairiscint ó thógálaithe áitiúla seolta chuig MFG (clár Leader). Tá dóchas againn go mbeidh deontas 75% le fáil ó MFG agus cuirfidh an Chomhairle Contae 20% ann; is ionann luach na talún atá tugtha ar láimh ag na húinéirí talún agus an sciar áitiúil atá le bailiú – 5% den chostas. Tá comhráití ar bun idir an Chomhairle Contae agus muid féin maidir le hoibreacha feabhsúcháin sa Sráidbhaile ar thalamh poiblí. Beidh muid ag súil le scéala ó MFG le linn an tsamhraidh seo.
Ionad pobail
Cé go gceaptar go minic gur áit é an Spidéal atá go maith as i gcomparáid le háiteacha eile sa nGaeltacht, tá a fhios ag pobal na háite seo go bhfuil muid gann ar áiseanna maithe pobail. Níl aon ionad pobail ceart sa Spidéal, agus tá an Comhlacht Forbartha ag iarraidh é sin a chur ina cheart le tamall de bhlianta.
Tá pleananna ailtireachta réitithe don athfhorbairt a bhí beartaithe don Leabharlann / Teach na Cúirte. Bhí an athfhorbairt sin le déanamh againn i gcomhpháirt le Comhairle Contae na Gaillimhe, Údarás na Gaeltachta, agus Roinn na Gaeltachta. Bhí muid ag súil go gcuirfí iarratas pleanála ina leith faoi bhráid na Comhairle Contae faoin tráth seo, ach de bharr chomh gann is atá cúrsaí airgid ag na heagraíochtaí sin faoi láthair, ceapann muid anois go mbeidh orainn plean eile a réiteach le haghaidh ionad pobail ar shuíomh eicínt eile. Tá muid á phlé seo faoi láthair le dreamanna a bhfuil talamh poiblí ina seilbh go bhfeicfidh muid an mbeidh suíomh feiliúnach ar fáil dúinn.
An Leabharlann – athfhorbairt ar an méar fhada
Ionad cóireála séarachais
Ceann de na príomhspriocanna atá ag an gComhlacht Forbartha go mbeadh ionad cóireála séarachais ceart againn in áit séarachas amh a bheith ag dul amach sa bhfarraige agus an Dubhaigh Mhóir truaillithe dá bharr. Costas €3.5m atá luaite leis ag an Roinn Comhshaoil.
Tá ionad cóireála séarachais an Spidéil ar liosta tosaíochtaí ó 1997 agus gan tada déanta fós. Tá sé glactha leis ó 1999 ag an gComhairle Contae agus an Roinn Comhshaoil go bhfuil práinn le cás an Spidéil agus nach bhfuil sé sásúil go mbeadh an Dumhaigh Mhóir – trá a bhfuil an Bhratach Gorm caillte aici ó 2006 – á truailliú ag séarachas ar an gcaoi seo.
Náireach – séarachas amh á scaoileadh i bhfarraige ag an Dumhaigh Mhóir
Tá muid sásta go bhfuil an t-ionad cóireála séarachais fós ar an liosta ag am a bhfuil a lán bailte beag eile sa gcontae bainte den liosta scéimeanna atá le tógáil roimh 2013. Mar sin féin, níl aon chinnteacht ann go dtógfar an t-ionad cóireála seo; beidh ar an gComhairle Contae teacht ar 20% den chaiteachas as a mbuiséad féin de agus íocfaidh an Roinn Comhshaoil an 80% eile le deontas.
Níl aon seans sa ngearrthéarma (2010-2011) go mbeidh an t-airgead seo ag an gComhairle Contae. Tá cásanna níos práinní, deirtear linn, ar nós an Chlocháin, Áth Cinn agus na Ceathrún Rua ag fanacht freisin; gan an 20% ón gComhairle Contae, ní bheidh aon ionad cóireála séarachais ann. Mura mbeidh muide mar phobal níos glóraí faoi ngéarghá atá leis an ionad cóireála séarachais seo sa Spidéal, ní dhéanfar go deo é.
Coiste Baile Shlachtmhair an Spidéil
Is fo-eagraíocht den Chomhlacht Forbartha é seo, agus coiste beag fuinniúil ag obair anseo ó 2006. Tá comhoibriú láidir ar bun leis an gComhairle Contae le glaineacht agus maisiú an tSráidbhaile a fheabhsú chuile bhliain. Tá pointí breise bainte amach ag an gcoiste sa gcomórtas náisiúnta ó 2006 (239 as 400) go 2009 (262 as 400).
Cuid d’obair Choiste Baile Shlachtmhair an Spidéil
Teastaíonn breis ball ar an gcoiste agus iarrann muid ar dhaoine deonacha teacht amach chuile oíche Luain (7pm go 9pm) ó Bhealtaine go Lúnasa le cúnamh a thabhairt don choiste agus don iarracht seo. Tá tuilleadh eolais le fáil ón oifig nó ó Bhríd Ní Shírín: 553404.
An Séipéilín Beag
Tá deontas eile €10,000 faighte ón gComhairle Contae leis an obair riachtanach a chríochnú ar dhíon an tséipéilín – díon a ndearnadh damáiste dó i rith an gheimhridh seo caite. Tá sagart pobail agus paróiste an Spidéil le tacú le haon costas breise a bhainfeadh le críochnú na oibre seo a sheasamh. Tá muid fíorbhuíoch as seo.
Caoi á cur ar dhíon an tSéipéilín Bhig. Faoi scáth Chomhlacht Forbartha an Spidéil atá an obair seo á déanamh.
Taispeántas Chois Fharraige
Is é an Comhlacht Forbartha a thugann seirbhís riaracháin do Choiste an Taispeántais. Tá 30 bliain oibre déanta ag an gcoiste seo, agus tagann daoine ó chian is ó chóngar ann chuile bhliain. Má tá aon mholtaí agat don Seó in 2010 nó suim agat cúnamh deonach a thabhairt dúinn ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair, déan teagmháil linn.




