Tá an Plean Teanga do Cheantar an Spidéil foilsithe anois.
Tá Comhlacht Forbartha an Spidéil ag obair ar an bPlean seo le beagnach bliain go leith anuas agus leagtar amach ann clár fairsing gníomhaíochtaí leis an seasamh atá ag an nGaeilge i gCeantar an Spidéil a bhuanú agus a neartú sna blianta seo romhainn. Is é bunaidhm an Phlean Teanga seasamh na Gaeilge mar phríomhtheanga phobail an Spidéil a dhaingniú agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú go dtí 70% ar a laghad faoin mbliain 2016.
Beidh an Comhlacht Forbartha ag díriú ina dhiaidh seo ar fheidhmiú an Phlean Teanga, agus á struchtúir agus meicníochtaí sonracha leagtha amach sa bPlean maidir lena chur i bhfeidhm.




