Comórtas Peile na Gaeltachta 2010

An Spidéal Abú!

Chuir peileadóirí an Spidéil an-tús leis an séasúr peile nuair a bhuaigh siad Craobh na Sóisear ag Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta a bhí ar siúl i mBéal an Mhuirthead deireadh seachtaine na Cincíse. Ba é seo an chéad uair ag an Spidéal an chraobh a thabhairt leo agus cuireadh fáilte chroíúil abhaile rompu sa Sráidbhaile san oíche Dé Luain nuair a d’fhill siad agus Corn Ghael-Linn leo.

Bhí dornán maith de mhuintir na háite gaibhte go hIorras leis an bhfoireann chuig an gComórtais Peile ó thráthnóna Dé hAoine agus bhuail na céadta eile an bóthar ó thuaidh maidin Dé Luain go léireoidís a gcuid tacaíochta sa gcluiche ba mhó le rá a d’imir an Spidéal ó thug siad Craobh na Sóisear i nGaillimh leo ag deireadh na bliana seo caite.

Ba iad Béal an Mhuirthead féin a chas ar an Spidéal sa gcéad bhabhta san iarnóin Dé Sathairn agus ní raibh stró dá laghad ar an Spidéal an bua a thabhairt leo 3-12, 1-7. Bhí na Dúnaibh as Ros Goill i nDún na Gall, a d’imir ina gcoinne sa mbabhta leathcheannais, i bhfad níos láidre agus cé gur scóráil siad cúl as cic éirice sa gcéad nóiméad (Oisín Breathnach), ní raibh d’fharasbarr ag leath ama ag an Spidéal ach aon chúilín amháin. Ach fuaireadar ceithre chúilín as a chéile ar ath-thosaí dóibh agus ba mhór an cúnamh freisin sábháil den scoth a rinne Pádraig Ó Maolalla i lár an dara leatha ina mbua 1-8 in aghaidh 0-7.

Rinne an cúl báire a chion arís timpeall an ama chéanna sa mbabhta ceannais – foireann as Uíbh Ráthach – Piarsaigh na Dromada – a bhí in aghaidh an Spidéil faoi seo. Bhí súil acu siúd go mbeadh an t-imreoir is cáiliúla atá acu, Declan O’Sullivan, in ann taisteal ó thuaidh don bhabhta ceannais ach níor éirigh leis sin a dhéanamh mar go mba ar chomhscór a chríochnaigh Ciarraí agus Corcaigh i gcluiche leathcheannais sinsir na Mumhan Dé Sathairn, rud a d’fhág nach raibh bealach faoin spéir go dtabharfadh a bhainisteoir, Jack O’Connor, cead taistil dó. (Tráthúil go leor is as an gclub céanna an bainisteoir!)

Seaimpíní! Corn Ghael-Linn ardaithe go caithréimeach ag caiptín fhoireann an Spidéil, Aodán Breathnach (Grianghraf le Darius Ivan www.maigheomedia.ie)

Ann nó as dó ba dheacair a shamhlú go gcuirfeadh an Súilleabhánach mórán d’athrú ar thoradh na himeartha mar go mba sa gcluiche seo ab fhearr a d’imir an Spidéal. Agus cúrsaí idir dhá cheann na meá, rinne Ó Maolalla sábháil eile den scoth. Taobh amuigh de bhí Aodán Ó Droighneáin, an caiptín Aodán Breathnach agus Pádraig Ó Mainnín docht, daingean. B’amhlaidh cás don leathlíne – Micheál Ó Curraoin, Dara Mac an Rí agus Éinde Ó Domhnaill. Ba é Micheál Ó Callaráin i lár na páirce a fuair an gradam ‘Laoch an Chomórtais’ agus fuair sé chuile chúnamh ó Éinde Ó hEochaidh. Ba mhór an spórt a bheith ag breathnú ar thosaithe an Spidéil, a mba as an imirt a tháinig na scóranna ar fad a fuair siad sa dá chluiche dheireanacha, cé is moite de chúpla cic saor. Bhí Fergus Ó Tuathail agus Ciarán Ó Droighneáin ina láimh threorach do na hógánaigh a bhí ina dtimpeall – Oisín agus Mánus Breathnach, Seáinín Ó Curraoin agus Tomás Ó Fátharta agus bhuaigh an Spidéal 0-10, 0-7.

Rinne na hionadaithe a tháinig isteach a gcion féin – Aodán Ó Curraoin, Breandán Ó Callaráin, Liam Ó Conghaile agus Máirtín Ó Droighneáin, mar a rinne an fhoireann bhainistíochta – Dónal Ó Fátharta, Micheál Ó Duinn, Nollaig Ó Neachtain agus Déaglán Ó Tuathail.

Get Adobe Flash playerPlugin by wpburn.com wordpress themes