Athbheochan ar Fhéile na gCurrachaí
Tháinig an Fhéile ar ais chun an Spidéil den chéad uair le 15 bliana. Tá moladh mór ag dul don choiste óg – Déaglán Ó Fátharta (Baile Liam), Dominic Ó Droighneáin (Leitir Péic), agus Stiofán Ó Cuanaigh (Baile Ard) – a rinne athbheochan ar an bhFéile, mar aon le daoine ón seanchoiste (Maidhc P. Ó Conaola agus a leathbhádóirí) agus daoine eile sa bpobal a thug cúnamh ar an lá don choiste le heagrú agus maoirseacht.
Thosaigh Sagart Pobail an Spidéil, an tAth. Seán Mac Aodha, an lá le Beannacht na mBád ag meán lae, agus lean na rásaí currach ansin go dtí 5.30pm. Bhí os cionn míle duine ar Thrá na Céibhe Nua ar lá iontach grianmhar. Chomh maith leis na himeachtaí a bhí ar bun ar an bhfarraige, bhí comórtais tarraingt téide agus caitheamh cruite ann ar an talamh tirim. Bhí an coiste fíorshásta le himeachtaí an lae agus tá an Fhéile le bheith arís ann an bhliain seo chugainn, le cúnamh Dé.
[cincopa 10696792]




