An Spidéal

Baile beag tuaithe é An Spidéal. Tá sé suite tuairim is aon mhíle dhéag siar ó Chathair na Gaillimhe, ar bhóthar an chósta.

Tionscadal de chuid Chomhlacht Forbartha an Spidéil é an láithreán seo.

Cuireadh anspideal.ie ar bun d’fhonn foinse chuimsitheach eolais maidir le Baile an Spidéil agus Ceantar an Spidéil a sholáthar do mhuintir na háite.

An scéal is déanaí

Plean Teanga Chois Fharraige

Chuir Comhlacht Forbartha an Spidéil agus Comharchumann Sailearna iarratas isteach ag Údarás na Gaeltachta i Márta 2014, faoi threoirlínte Acht na Gaeltachta (2012: Rialtas na hÉireann) maidir leis na limistéir pleanála teanga sna Gaeltachtaí ar fud na tíre.

Bunaíodh Fóram Chois Fharraige Um Phleanáil Teanga le grupaí pobail, ionaid oideachais, tuismitheoirí agus cumainn spóirt is caitheamh aimsire a thabhairt le chéile. An Fóram a bheas mar lar-eagraíocht le plean teanga a réiteach don cheantar ó na Forbacha siar go Ros a’ Mhíl.

Maidir le Ceantar an Spidéil, beidh an plean seo ag teacht i gcomharbacht ar Phlean Teanga an Spidéil 2011 ach beidh go leor den bplean sin sa plean nua.

Cuireadh tús le síneadh amach an phlean in aimsir earraigh 2015 agus d’fhostaigh an Fóram Séirbhísí Pleanála Teanga Teoranta leis an bplean a scríobh. Déanadh taighde le linn 2015 agus 2016 ar na campaí ⁊ coláistí samhraidh maidir le úsáid agus sealabhú teanga i measc daoine óga; suirbhé ar úsáid na Gaeilge ag daoine faoi 18 bliain, á scaipeadh tríd ionaid oideachas ⁊rl… Seoladh an dréacht plean chuig Údarás na Gaeltacha i Mí na Nollag 2016.

An Dubhach Mhór/Trá na mBan/Prom an Spidéil

Mar is eol do chuile dhuine sa gceantar, rinneadh stoirmeacha a lán dochair ar chladaigh Chois Fharraige (agus ar chladaigh timpeall na tíre, dár nóigh) ag tús 2014.

Chuir an Rialtas suas le €500,000 ar fáil leis an damáiste a rinneadh ar chosán na Dumhaiche Móire, siar go dtí an Chéibh Nua, a dheisiú. Tá caoi curtha air anois, agus tá tuilleadh clocha móra curtha mar chosaint idir é agus an trá féin.

An tSean-céibh

Le linn na stoirmeacha móra a bhí ann i dtosach 2014, rinneadh go leor damáiste inmheánach ar an tSean-céibh. Tá imní ar an gComhairle Condae maidir le cumas na Sean-céibhe seasamh in aghaidh an chéad stoirm mhór eile agus tá brat láidír concréid le cur, ag cloigeann na céibhe, ar an gcuid di atá taobh thoir de na céimeanna.

Tá drámhaíol agus clocha beaga le cartadh ó bháisín na Sean-chéibhe freisin, i dtreo an tsleamhnáin, le go ndoimhneafar an bealach isteach sa bhfarraige. Cabhair mhór a bheas anseo dóibh siúd a úsaideann an sleamhnán go rialta. Síleann na hinnealtóirí go méadóidh sé seo am snámha bád ó 2 uair a’ chloig in aghaidh an tuile go beagnach 4 huaire.

An Chéibh Nua

Rinneadh obair mhór glantacháin ar an gCéibh Nua agus ar Thrá na Céibhe Nua i mBealtaine 2014. Cuireadh suíocháin agus boird picnic ar ais tar éis an stoirm a bhí ann níos túisce sa mbliain agus cuireadh slacht ar an bhfarrasbarr gainnimh agus feamainne a bhí ann tar éis an réabadh. Rinneadh roinnt feabhasúchán ar an gCéibh tar éis na stoirme freisin.

Suirbhé ar chaighdeán an leathanbhanda

Rinne an Comhlacht Forbartha suirbhé i rith samhradh 2014 i Doire Lochán sa Spidéal, atá 3 mhíle (5km) ón malartán gutháin sa Spidéal. (Dá fhaid ón malartán tú, is ea is measa luas agus caighdeán an leathanbhanda.)

Tá an séirbhís leathan bhanda agus fón póca go dóna soir ó Baile fearainn na Páirce agus siar ón sráid bhaile i dtreo Indreabhán. Scríobhadh litir chuig Eir Teoranta (Eircom, mar a thugtaí air) le torthaí an Suirbhé, agus gealladh go dtiocfaidh feabhas ar chaighdeán an leathanbanda i bhfómhair 2016.