Tionscadail de chuid an Chomhlacht Forbartha, ata ar siúl faoi lathair nó a chuireadh i gcrích le déarnaí.
Tionscadail leanúnacha
- Coiste na gCéibheanna, An Spidéal.
- Coiste na mBailte Slachtmhara, An Spidéal.
- Taispeántas Chois Fharraige.
Sainthionscadail
Buanú agus Forbairt na Gaeilge mar Theanga Pobail
- Mór-sprioc 1: Plean Teanga Chois Fharraige.
- Mór-sprioc 2: Bunú Chlub Óige.
- Mór-sprioc 3: Plean Teanga an Spidéil; suaitheantais, biachláir.
Forbairt na Turasóireachta Cultúrtha agus Pobail
- Mór-sprioc 1: Siúloidí cois cladaigh. Comhpháirtiocht le comharchumainn Sailearna. Roghnú siúlóid sa gceantar do Chomórtas Míle Órga Chondae na Gaillimhe 2016.
- Mór-sprioc 2: Oifig Eolais do Cuairteoirí 2016.
- Mór-sprioc 3: Baile Slachtmhar 2016; scéimeanna FÁS, TÚS agus SST.
- Mór-sprioc 4: Coiste na Logainmneacha.
Solthar Seirbhísí Sóisialta
- Mór-sprioc 1: Ionad Pobail ar shráidbhaile an Spidéil.
- Mór-sprioc 2: Taspéantas Chois Fharraige.
- Mór-sprioc 3: Páirc spraoi i gColáiste Connacht.
- Mór-sprioc 4: Estáit tithíochta tréighte Ard na Spéire.
Forbairt na Fiontraíochta agus na Fostaíochta
- Mór-sprioc 1: Seoltán bus don Spidéal; Plean Tráchta.
- Mór-sprioc 2: Scéim Séarachais an Spidéil.
- Mór-sprioc 3: Leathanbhanda ceantar tuaithe.
- Mór-sprioc 4: Plean a dhréachtadh maidir le Forbairt na gCéibheanna agus limistéar na farraige thart ar an Spidéal.
Soláthar Seirbhísí Oideachais agus Oiliúna don phobal
- Mór-sprioc 1: Plean Bithéagsúlachta agus plean oibre bliantúil do Choiste na mBailte Slachtmhara.
- Mór-sprioc 2: Traenáil CPR agus treanáil in úsáid dífhibrileoirí; dífhibrileoirí nua a cheannach.
- Mór-sprioc 3: Láithreán nua Gréasáin: www.anspideal.ie.
Cosán Bhaile Ard
Thóg an Comhlacht Forbartha cosán nua coisithe le ballaí nua agus soilsiú poiblí ó bhearaic na nGardaí go estáit tithíochta Radhac na Rún ar bhóthar Maigh Cuilinn. Tá bealach sábháilte siúlóide anois ann do phobal an Bhaile Aird agus do chuairteoirí.
Conraitheir áitúil, Máirtín Ó Flatharta Teoranta, a rinne an obair ar conradh de chuid an Chomhlacht Forbartha. Críochnaíodh an obair ag deireadh Mí Lúnasa 2014.
Costas iomlán: €164,000
Maoiniú agus deontais
- Clár leader: €122,000
- Comhairle Condae na Gaillimhe: €33,000
- Bailiúcháin pobal an bhaile agus lucht gnó: €11,000
An Suirbhé maidir le leathanbhanda
Níl an tséirbhís leathanbhanda agus fón póca go maith ó shráidbhaile an Spidéil siar ná ón bPáirc soir. Dá fhaid is atá tú ón malartán gutháin (faid an tsreangáin féin seachas an fhaid dhíreach) is ea is measa a bhíons caighdeán an leathanbhanda.
I rith Samhradh 2014, rinne an Comhlacht Forbartha suirbhé maidir le caighdeán an leathanbhanda i Doire Lochán, atá 5km ó mhalartán an Spidéil.
Léiríonn torthaí an tsuirbhé seo droch-chaighdeán na seirbhíse leathanbhanda sa gceantar i láthair na huaire. Tá an Comhlacht Forbartha ag coinneáil brú láidir ar lucht soláthair leathanbhanda leis an infrastruchtúr seo a fheabhasú.